Spleodar – Club Óige, de hAoine 18 May 7pm-9pm sa Rosary Pastoral Centre

Club Óige Spleodar, Dé hAoine 18 Bealtaine 7pm – 9pm sa Rosary Pastoral Centre.

Spleodar Workshop

I mbliana tá lúcháir ar an bhféile cúnamh a thabhairt do Spleodar 20 bliain a cheiliúradh. Beidh club óige go hiomlán as Gaeilge ar siúl oíche Aoine 18 Bealtaine óna 7-9 san Ionad Tréadach an Phaidrín (Rosary Pastrol Centre), Cros Araild. Is óg-eagras neamhbhrabúsach é Spleodar a ritheann cúrsaí Gaeilge i nGaeltacht Chonamara le linn an tsamhraidh. Is iad labhairt agus foghlaim na Gaeilge croílár Spleodar chomh maith le cinnireacht a fhorbairt i ndaoine óga. Cuireann Spleodar béim ar iar-aire. Tá 17 gclub óige againn timpeall na tíre a bhíonn ar siúl go seachtainiúil ó Mheán Fómhair go Márta. Mic léinn ollscoile (na Feighlithe) a bhíonn i gceannas ar na clubanna seo. Tugann na clubanna deis do scoláirí bualadh lena chéile i suíomh sábháilte agus páirt a ghlacadh in imeachtaí ar nós drámaíochta, spóirt agus rudaí difriúla. Feiceann scoláirí an Ghaeilge mar theanga bheo ina gceantar áitiúil. Bíonn an mhaoirseacht chéanna agus na rialacha céanna i gceist ins na clubanna. Beidh deirfiúr agus deartháir, Deirdre Ní Cheallaigh agus Alex Ó Ceallaigh, i gceannas ar an gclub. Déanann siad staidéir ar an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide. Bí ar an eolas nach raibh ort a bheith ar cúrsa Spleodar riamh nó aon Ghaeltachtaí eile le páirt a ghlacadh sa chlub óige – níl ach fonn don Ghaeilge ag teastáil! 😊 Bíonn na rialacha Spleodar céanna i gceist ins na clubanna – is club trí mheán na Gaeilge é.