Pop Up Gaeltacht

Ar chuala tú faoin Pop-up Gaeltacht? Oíche mór craic agus cainte atá ann, oíche mór a tharlaíonn uair sa mhí i dtithe tábhairne éagsúla. Thosaigh Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha an oíche speisialta seo i lár na cathrach i mí na Samhna an bhliain seo chaite agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Ní ghá go mbeadh go leor Gaeilge agat. Má tá spéis agat an teanga a labhairt nó a chleachtadh – tá fáilte romhat! Tá muid go léir ag foghlaim.

Nuair a thosnaigh an oíche seo ar dtús, bhíodh sé ar siúl in áit difriúl gach mí ach anois, beidh sé ar siúl againne i Chrois Araild gach mí. Agus, tá an smaoineamh ag scaipeadh ar fud na h-áite. Tá daoine ag eagrú oícheanta mar seo ar fud na hÉireann agus ar fud na cruinne. Chuala mé faoi Pop–up ag tárlúint i Sasana, i Meiriceá agus fiú san Astráil. Bhí beagáinín faitíos orm an chéad uair a fhreastal mé ar an ócáid seo i lár na cathrach (féach an pictiúr ag barr) ach ní raibh gá dom a bheith buartha ar chor ar bith. Bhí gach duine an-chairdiúil agus bhí atmaisféar an-dheas ann.

Tuigim anois go bhfuil go leor Gaeilge againn ón scoil ach go bhfuil sí i bhfolach áit éigin i chúl ár gcinn. Tá sí ann agus tiocfaidh sí amach de réir a chéile. Agus tá seans go gcuidíonn an cúpla deoch leis an teanga a dhúiseacht chomh maith (!) Bígí ag faire amach don chéad Pop–up eile sa cheantar seo i mí Feabhra.  Cur súil ar ár Facebook (nasc – https://www.facebook.com/Harolds.Cross.Festival/) nó i Twitter ar @popupgael   nó @PeadarC90.

Idir an dá linn, Nollaig Shona daoibh go léir